Conas cuntas Logáil Isteach AE a chruthú

Image by: geralt/pixabay.com

I 2022, tiocfaidh na hardáin de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, an Tairseach Oideachais Scoile agus eTwinning le chéile mar an tArdán d'Oideachas Scoile Eorpach; beidh na hábhair uilig in aonáit amháin. Beidh an tArdán d'Oideachas Scoile Eorpach inrochtana trí Logáil Isteach AE, an tseirbhís fhíordheimhniú úsáideora de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Treoróidh an rang teagaisc seo thú trí chuntas Logáil Isteach AE a chruthú, a ligeann d'úsáideoirí údaraithe rochtain a fhail ar raon leathan de sheirbhísí idirlín le seoladh rphost agus pasfhocal amháin.

Tabhair faoi deara nach mbeidh tú in ann úsáid a bhaint as an Logáil Isteach AE ach amháin don Ardán Eorpach don Oideachas Scoile. Idir an dá linn, le do thoil lean ar aghaidh ag baint úsáide as do chuntas reatha chun logáil isteach ar na hardáin eTwinning agus an Tairseach Oideachais Scoile.

Tabhair faoi deara nach féidir an cuntas ríomhphoist a bhaineann leis an gcuntas eTwinning/Tairseach Oideachais Scoile atá agat cheana féin a athrú a thuilleadh. Déan cinnte go bhfuil an seoladh céanna ríomhphoist ag do chuntas logála isteach AE agus atá ag do chuntas eTwinning/Tairseach Oideachais Scoile. Déan teagmháil le do NSO le haghaidh tuilleadh eolais.

Cruthaigh cuntas Logáil Isteach AE

Muna bhfuil Logáil Isteach AE agat go fóill, cliceáil anseo chun cuntas nua a chruthú.

Líon isteach an fhaisnéis go léir san fhoirm.

Tábhachtach! Chun an cuntas don Ardán Eorpach don Oideachas Scoile a shioncrónú leis an gcuntas do eTwinning/an Tairseach Oideachais Scoile, agus tú ag cruthú cuntais Logáil Isteach AE, ní mór duit an seoladh r-phoist céanna a d'úsáid tú nuair a chláraigh tú le eTwinning/ an Tairseach Oideachais Scoile. Féach thíos le seiceáil cén seoladh r-phoist atá in úsáid ar do chuntas.

Cliceáil ar "Cruthaigh cuntas" chun dul ar aghaidh.

Cruthaigh cuntas

Má tá an fhoirm comhlánaithe i gceart, gheobhaidh tú r-phost deimhnithe i do bhosca isteach. Muna bhfuil tú in ann theacht ar an r-phost, seiceáil an fillteán turscair.

Cliceáil ar an nasc san r-phost nó déan é a chóipeáil agus a ghreamú isteach ar bharra seoltaí do bhrabhsálaithe.

Anois, is féidir leat pasfhocal a chruthú do do chuntas Logáil Isteach AE.

Ní féidir an seoladh r-phoist a athrú ag an gcéim seo.

Agus tú críochnaithe, cliceáil ar "cuir isteach".

Cruthaigh cuntas

Úsáideoirí a bhfuil cuntas Logáil Isteach AE acu cheana féin

Má tá cuntas Logáil Isteach AE agat cheana féin, ní chaithfidh tú ceann nua a chruthú.

Mar sin féin, ba chóir duit deimhniú go bhfuil an seoladh r-phoist atá i do chuntas Logáil Isteach AE mar an gcéanna leis an gceann eTwinning/Tairseach Oideachais Scoile.

Muna bhfuil na seoltaí r-phoist mar an gcéanna, seo thíos na treoracha chun an seoladh r-phoist atá nasctha le do chuntas eTwinning/an Tairseach Oideachais Scoile a uasdhátú

Chun an r-phost do eTwinning a athrú nó a sheiceáil:

Chun an r-phost don Tairseach Oideachais Scoile a athrú nó a sheiceáil:

  • Logáil isteach sa Tairseach Oideachais Scoile le do chuntas
  • Téigh go dtí "Mo phróifíl" (trí chliceáil ar d'ainm)
  • Cliceáil "Cuir próifíl in eagar", chun na hathruithe a dhéanamh, agus cliceáil ar "Sábháil".

Conas logáil isteach leis an Logáil Isteach AE?

Tabhair faoi deara nach mbeidh tú in ann úsáid a bhaint as an Logáil Isteach AE ach amháin don Ardán Eorpach don Oideachas Scoile.

Idir an dá linn, is féidir leat triail a bhaint as do chuntas Logáil Isteach AE do na hardáin AE eile anseo. Is iad an seoladh r-phoist agus an pasfhocal chun logáil isteach ar na hardáin seo do Logáil Isteach AE féin i gcónaí. Mar sin féin, d'fhéadfadh go n-iarrfaí ort cuntas a chruthú ansin nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh don chéad uair:

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Logáil Isteach AE, féach ar na Ceisteanna Coitianta anseo (faoi “Ní oibrím d'institiúd Eorpach”).

Más rud é, i ndiaidh duit na treoracha a léamh, go bhfuil fadhb agat leis an Logáil Isteach AE, is féidir leat eachtra a chlárú trí theagmháil a dhéanamh leis an Tacaíocht Sheachtrach Logáil Isteach AE tríd an ríomhphost: EU-LOGIN-EXTERNAL-SUPPORT@ec.europa.eu. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar an leathanach seo.

Má tá fadhb agat le do cuntas eTwinning, déan teagmháil leis an Eagraíocht Tacaíochta Náisiúnta de chuid do thíre fein.

Má tá fadhb agat le do chuntas don Tairseach Oideachais Scoile, déan teagmháil leis an deasc chabhrach don Tairseach Oideachais Scoile.

Clibeanna: