MiCREATE – Páistí agus Pobail Imirceacha in Eoraip atá ag Athrú (Migrant Children and Communities in a Transforming Europe)

Íomhá: Micreate logo

Is é cuspóir an tionscadail MiCREATE ná ionchuimsiú grúpaí éagsúla páistí imirceacha a chur chun cinn trí ghlacadh le cur chuige páistelárnach maidir le hionchuimsiú páistí imireacha ag leibhéal oideachais agus beartais. Is é aidhm an tionscadail taighde seo, a eascraíonn ón ngá athshúil a thabhairt ar na beartais reatha maidir leis an ionchuimsiú, imscrúdú cuimsitheach a dhéanamh ar phróisis ionchuimsithe páistí imirceacha an lae inniu ar mhaithe le cur lena gcumas gníomhaíochta, rannpháirtíocht, agus sláinte.

Bhain torthaí éagsúla le gníomhaíochtaí MiCREATE, torthaí a raibh sé mar aidhm acu tógáil a dhéanamh ar chumas agus feasacht múinteoirí agus foirne oideachais agus gairmithe agus daoine fásta eile a bhíonn teagmháil rialta acu le páistí imirceacha ar mhaithe le measúnú níos fearr a dhéanamh ar rioscaí agus freastal ar riachtanais faoi leith páistí imirceacha i sochaithe óstach.

Áirítear i measc cuid de na tionscadail: An Lámhleabhar do Mhúinteoirí (Uirlisí don Bhainistiú Éagsúlacha), ar treoir é chun cabhrú le múinteoirí dul i ngleic leis na dúshláin a fhéadfaidh a bheith rompu le linn dóibh a bheith ag obair le páistí imirceacha agus a chuireann ar an eolas iad maidir le réimse cur chuige agus cleachtas a forbraíodh go speisialta do chomhthéacs an tseomra ranga ilchultúrtha, an uirlis IC don ardú feasachta,‘Ilchultúrthacht ar scoil’, an Digital Storytelling Tool, achoimrí ar bheartais agus físeáin a leagann béim ar bhearnaí agus ar bhaic ó thaobh beartas páistelárnach maidir leis an ionchuimsiú i gcreata beartais atá ann cheana féin agus i gcleachtais maidir leis an ionchuimsiú i ngach tír agus ag leibhéal an AE, roinnt tuairiscí.

Cineál
Doiciméad (fianaise dhíreach)
Tír
AN BHEILG; AN BHULGÁIR; AN CHIPIR; AN CHRÓIT; AN DANMHAIRG; AN GHEARMÁIN; AN IODÁIL; AN LAITVIA; AN LIOTUÁIN; AN OSTAIR; AN PHOLAINN; AN PHORTAINGÉIL; AN RÍOCHT AONTAITHE; AN SPÁINN; AN tSLÓIVÉIN; AN tSLÓVAIC; AN UNGÁIR; AN ÍSILTÍR; an tSeirbia
Teanga
BG; CZ; DA; DE; EN; ES; ET; FI; FR; GA; HR; HU; IS; IT; LT; MK; MT; NL; NO; PL; PT; RO; SK; SL; SR; SV; TR
Leibhéal scoile
Bunscoil; Meánscoil
Leibhéal na hidirghabhála
Uilíoch
Déine na hidirghabhála
Leanúnach
Foinse mhaoinithe
Maoiniú Eorpach