Sraith Straitéisí maidir le hÁit Shábháilte Cneasaithe agus Foghlama (Safe Healing and Learning Space Toolkit)

Tugann an tSraith Straitéisí maidir le hÁit Shábháilte Cneasaithe agus Foghlama (SHLS) treoir praiticiúil maidir le cur i bhfeidhm, uirlisí samplacha is féidir a chur in oiriúint, ábhair chuimsitheacha foghlama, agus ábhar teagaisc a bhfuil script leis don fhoireann daonnúla sa líne tosaigh. Cuirtear acmhainní ar fáil do chlár 9 mí agus a bhaineann le ceantair tuaithe agus uirbeacha araon, bunaithe ar riachtanais agus tosaíochtaí a sainíodh go háitiúil.
Is áit shábháilte, chomhbhách, agus shothuartha inar féidir le páistí agus le hógánaigh a bhfuil cónaí orthu in áiteanna a bhfuil coinbhleacht nó géarchéim ann foghlaim, forbairt, agus a bheith cosanta í an Áit Shábháilte Cneasaithe agus Foghlama (SHLS). Tá an cur chuige SHLS bunaithe ar chuir chuige Déanann Teaghlaigh an Difríocht (Families Make the Difference) agus Seomraí Ranga Cneasaithe (Healing Classrooms) an Choiste Tarrthála Idirnáisiúnta maidir le cosaint agus oideachas páistí.
Cuirtear acmhainní ar fáil do chlár 9 mí agus rinneadh iad a dhearadh ar mhaithe lena gcur i bhfeidhm i dtimthrialla 3 mhí a gcuirfear tús leo ag tús na géarchéime. Baineann ábhar na sraithe straitéisí le timpeallachtaí campa nó sochaí óstach i gceantair tuaithe agus uirbeacha araon. Dearadh ábhar na sraithe straitéisí maidir le foghlaim shóisialta agus mhothúchánach, léitheoireacht, agus mata do pháistí idir 6-11 bliana. Tá ábhar maidir le scileanna tuismitheoireachta curtha ar fáil do chúramóirí páistí 6-11 bliana agus déagóirí.
Tráchtanna
Cuir nóta tráchta isteach
Chun trácht a dhéanamh, ní mór logáil isteach.