CHILD-UP - Comhtháthú Hibrideach na bPáistí: Idirphlé foghlama mar bhelach chun beartais Rannpháirtíochta a Uasghrádú

Íomhá: CHILD UP logo
Tá sé de rún ag CHILD-UP eolas faoi mhodhanna idirphlé a sholáthar do scoileanna, seirbhísí sóisialta, ionaid fháiltithe, gníomhaireachtaí oideachais agus idirghabhála agus an lucht déanta beartas, ar féidir leo tacú le gairmithe a oibríonn le páistí imirceacha. Cuireann an tionscadal seo nuálaíocht le chéile le tráidisiúin dea-chruthaithe, a fheabhsaíonn an tuisicnt ar conas cur le foghlaim rannpháirtíochta, comhtháthú, oideachas ar ardchaighdeán, agus cosaint.
Cuireann CHILD-UP taighde ar bun ar leibhéal chomhtháthú na bpáistí imirceacha san Eoraip agus a gcás sóisialta leis an bpríomh-chuspóir ná cur chuige nuálaíoch a mholadh chun feabhas a chur ar na cúinsí seo. Sa dearcadh seo atá ag síor-athrú, léiríonn gníomhú na bpáistí - foirm ar leith den rannpháirtíocht - an fhíor-bhunchloch maidir le folláine siceshóisilata na bpáistí a fheabhsú agus chun an páiste a chur i lár an aonaigh i dtaca lena bhféin-chumasú.
Cuireann CHILD-UP béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcaidreamh idir gníomhú na bpáistí ar lámh amháin agus idirghníomhaíocht idirphlé idir páistí agus idir páistí agus daoine fásta ar an lámh eile. Tá sé de rún ag CHILD-UP taispeáint go soláthraítear an deis do pháistí imirceacha, agus daoine fásta i gceannas ar an idirghníomhú idirphlé seo, a gcás sóisialta féin a athrú trína gcuid gníomhaithe féin. Glactann CHILD-UP le comhtháthú le bheith hibrideach agus bunaithe ar ranníocaíochtaí ó pháistí imirceacha agus neamh-imirceacha.
Is tionscadal é CHILD-UP atá maoinithe ag Fís 2020, a chomhordaíonn Ollscoil Modena agus Reggio Emilia.
- Cineál
- Doiciméad (fianaise dhíreach)
- Tír
- AN BHEILG; AN FHIONLAINN; AN FHRAINC; AN GHEARMÁIN; AN IODÁIL; AN PHOLAINN; AN RÍOCHT AONTAITHE; AN tSUALAINN; AN ÍSILTÍR
- Teanga
- BG; CZ; DA; DE; EL; EN; ES; ET; FI; FR; GA; HR; HU; IS; IT; LT; LV; MK; MT; NL; NO; PL; PT; RO; SK; SL; SR; SV; TR
- Leibhéal scoile
- Bunscoil; Meánscoil; Réamhscoil
- Leibhéal na hidirghabhála
- Spriocdhírithe
- Déine na hidirghabhála
- Leanúnach
- Foinse mhaoinithe
- Maoiniú Eorpach
Tráchtanna
Cuir nóta tráchta isteach
Chun trácht a dhéanamh, ní mór logáil isteach.