SHARMED: Cuimhní agus Idirphlé Roinnte

Íomhá: SHARMED logo
Ba thionscadal thaighde gníomhaíochta é SHARMED a bhí ar siúl ó 2016-2018 a thug eispéireas foghlama nuálaí do breis is 1,000 páiste idir 9-11 i trí thír. Baineadh úsáid as grianghraif agus amharcábhair eile chun idirphlé a spreagadh i dtaca le cuimhní pearsanta, teaghlaigh, agus pobail chun páistí a theagasc faoi éagsúlacht chultúrtha ar bhealach ómósach.
Maoinithe ag an gclár Erasmus+, bhí trí chuspóir ar leith ag SHARMED:
1. Chun páistí a threorú go dtí an tuisicnt nach rud diúltach í an éagsúlacht ach go bhfuil sí an-nádúrtha agus luachmhar. Bhí SHARMED ag iarraidh páistí a chumasú chun a gcuid éagsúlachtaí a chur in iúl agus le bheith oscailte d'éagsúlacht de chuid daoine eile.
2. Chun múinteoirí a spreagadh le leas a bhaint as éagsúlacht a gcuid daltaí, a ghlactar leis mar chonstaic in ionad deise go minic. Bhí SHARMED ag iarraidh athrú dearcaidh a spreagadh chun tuistí a spreagadh agus chun tacú leo maidir leis na huirlisí a d'fhorbair SHARMED a chur in oiriúint chun oideachas níos cuimsithí a chothú.
3. Chun nuálaíocht a chur chun tosaigh i gcleachtais mhúinteoireachta, agus torthaí thaighde meastóireachta a chur i láthair do pháirtithe leasmhara éagsúla.
- Cineál
- Cleachtas (fianaise dhíreach)
- Tír
- AN GHEARMÁIN; AN IODÁIL; AN RÍOCHT AONTAITHE
- Teanga
- BG; CZ; DA; DE; EL; EN; ES; ET; FI; FR; GA; HR; HU; IS; IT; LT; LV; MK; MT; NL; NO; PL; PT; RO; SK; SL; SR; SV; TR
- Leibhéal scoile
- Bunscoil
- Leibhéal na hidirghabhála
- Spriocdhírithe
- Déine na hidirghabhála
- Tréimhsiúil
- Foinse mhaoinithe
- Maoiniú Eorpach
Tráchtanna
Cuir nóta tráchta isteach
Chun trácht a dhéanamh, ní mór logáil isteach.