Tacaíocht do Cheannaireacht Ionchuimsitheach ar Scoil (SISL)

Íomhá: SISL project logo
D'fhiosraigh an tionscadal Tacaíocht do Cheannaireacht Ionchuimsitheach ar Scoil (SISL) an dóigh le ceannaireacht ionchuimsitheach ar leibhéal na scoile a chur chun tosaigh agus chuir sé uirlisí cabhracha ar fáil. Ghlac an tionscadal san áireamh gurb é cuspóir na ceannaireachta don oideachas ionchumsitheach ná rannpháirtíocht iomlán maidir le deiseanna foghlama nithiúla, baint amach ar ardchaighdeán agus folláine do gach aon fhoghlaimeoir, lena n-áirítear iad atá i mbaol den eisiamh, a bhaint amach.
Is fachtóir rí-thábhachtach í an cheannaireacht ar scoil i dtaca le córás oideachais níos cuimsithí a bhaint amach. Bhí an tionscadal SISL ar siúl ó 2017 go 2021 agus bhí sé comhordaithe ag an nGníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Cuimsitheach. Is iad na haischuir:
- Athbhreithniú ar Bheartais Eorpacha agus ar bheartais idirnáisiúnta
- Athbhreithniú ar an Litríocht
- Tuarascáil Shintéise ar Cheannaireacht Cuimsitheach ar Scoil
Ina theannta sin, d'fhorbraíodh uirlisí foinse-oscailte agus rinneadh píolótú orthu:
- Creat Beartas chun tacú le forbairt na mbeartas tacaíochta ar mhaithe le ceannaireacht chuimsitheach ar scoil.
- Uirlis Fhéin-Mhachnamh le haghaidh machnaimh agus chun idirphlé a chothú idir ceannaireacht agus an lucht déanta beartas faoi bhearnaí idir na caighdeáin fhreagrachta atá ann don cheannaireacht agus na beartais atá ar fáil chun cinnte a dhéanamh go mbainfí na caighdeáin seo amach. Tá an uirlis seo foinse-oscailte, agus is féidir í a chur in oiriúint dar le comhthéacsanna tíre éagsúla agus is féidir í a chur i gcrích ina hiomlán nó i gcodanna, ag díriú ar fheidhmeanna lárnacha na gceannairí scoile maidir le treoir a chur i bhfeidhm, agus le forbairt daonna nó eagraíochta.
- Comhaid
- Detailed Description
- Naisc
- Project website
- Cineál
- Cleachtas (fianaise indíreach)
- Tír
- AN BHEILG; AN BHULGÁIR; AN CHIPIR; AN CHRÓIT; AN DANMHAIRG; AN EASTÓIN; AN EILVÉIS; AN FHIONLAINN; AN FHRAINC; AN GHEARMÁIN; AN GHRÉIG; AN IODÁIL; AN IORUA; AN LAITVIA; AN LIOTUÁIN; AN OSTAIR; AN PHOLAINN; AN PHORTAINGÉIL; AN RÍOCHT AONTAITHE; AN SPÁINN; AN tSLÓIVÉIN; AN tSLÓVAIC; AN tSUALAINN; AN UNGÁIR; AN ÍOSLAINN; AN ÍSILTÍR; an tSeirbia; LUCSAMBURG; MÁLTA; POBLACHT NA SEICE; ÉIRE
- Teanga
- BG; CZ; DA; DE; EL; EN; ES; ET; FI; FR; GA; HR; HU; IS; IT; LT; LV; MK; MT; NL; NO; PL; PT; RO; RU; SK; SL; SR; SV; TR
- Leibhéal scoile
- Bunscoil; Meánscoil; Réamhscoil
- Leibhéal na hidirghabhála
- Spriocdhírithe; Uilíoch
- Déine na hidirghabhála
- Leanúnach; Tréimhsiúil
- Foinse mhaoinithe
- Maoiniú Eorpach
Tráchtanna
Cuir nóta tráchta isteach
Chun trácht a dhéanamh, ní mór logáil isteach.