Berättarministeriet - An Aireacht Scéalaíochta

Íomhá: Berättarministeriet

Is fondúireacht í Berättarministeriet (An Aireacht Scéalaíochta) a thacaíonn le tuismitheoirí agus le daltaí i gceantair a bhfuil dúshlán soch-eacnamaíoch acu chun teanga a fhorbairt trí scéalaíocht. Tá sé ina tionscnamh príobhaideach a oibríonn i gcomhar le bardais agus le scoileanna agus tá sér an bhfod le deich mbliana anuas.

Is fondúireacht neamh-bhrabúis í Berättarministeriet atá neamhspléach ó thaobh polaitíochta agus creidimh de, agus oibríonn sí go dlúth le hearnálacha príomhaideacha, poiblí agus neamh-bhrabúis. Oibríonn sí chun na torthaí diúltacha a bhaineann le scaradh ar scolaíocht an pháiste a laghdú trí thacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí ina gcuid teagaisc laethúil i gceantair a bhfuil leibhéal dífhostaíochta airde acu.

Tá ionaid scríbhneoireachta bunaithe ag an "Aireacht" sna ceantair fho-uirbeacha Husby agus Hagsätra i Stockholm agus i nGamlestaden i nGothenburg. Cuirtear cláir scolaíochta ar fáil go saor in aisce a mheallann na daltaí, is cuma cén leibhéal eolais ar a bhfuil siad, chun cuidiú leofa máistreacht an focail scríofa a bhaint amach trí fhantaisíocht.

Tá na cláir bunaithe ar an gcuraclam náisiúnta agus déantar iad a fhorbairt i gcomhphlé leis na múinteoirí chun freastal ar a gcuid riachtanas agus dúshlán oideolaíoch ar leith. Tá na cláir bunaithe ar dhul chun cinn agus bíonn siad mar chrann taca tras-dhisciplíneach do mhúinteoirí.

Cineál
Cleachtas (fianaise indíreach)
Tír
AN tSUALAINN
Teanga
BG; CZ; DA; DE; EL; EN; ES; ET; FI; FR; GA; HR; HU; IS; IT; LT; LV; MK; MT; NL; NO; PL; PT; RO; SK; SL; SR; SV; TR
Leibhéal scoile
Bunscoil
Leibhéal na hidirghabhála
Spriocdhírithe
Déine na hidirghabhála
Leanúnach
Foinse mhaoinithe
Maoiniú príobháideach; Maoiniú áitiúil; Rialtas náisiúnta