Idirghabháil Choisctheach Athléimneachta - UPRIGHT

Íomhá: UPRIGHT - Universal Preventive Resilience Intervention Globally implemented in schools to improve and promote mental Health for Teenagers
I ndiaidh dul i méid ar líon na bhfhadhbanna meabharshláinte i measc an aosa óig ar bhonn domhanda, is tionscadal é UPRIGHT a mhúineann na scileanna atá de dhíth ar mhaithe le dea-shláinte fhisiceach agus mheabhrach a chothú. Tá sé ar bun i scoileanna agus tá déagóirí óga, a dteaglaigh agus foirne scoile as na scoileanna páirtnéara bainteach leis.
Is tionscadal taighde é UPRIGHT atá maoinithe ag an gclár Horizon 2020 de chuid an AE. Is ionann an t-acrainm agus “Universal Preventative Resilience Intervention Globally implemented in schools to improve and promote mental Health for Teenagers”. Is é cuspóir an tionscadail ná cultúr um leas meabharshláinte a chothú san Eoraip, trí chlár traenála um athléimneacht intinne a chomh-dhearadh, a sheachadadh agus a dhearbhú, bunaithe ar chur chuige lán-scoile. Dhear síceolaithe, síc-oideolaithe, modheolaithe agus saineolaithe TFC timpeall na hEorpa an clár seo.
Tá UPRIGHT bunaithe ar cheithre chomhpháirt lárnach: ag déileáil le deacrachtaí, éifeachtúlacht, foghlaim shóisialta agus mhothúchánach, agus an t-aireachas. Maidir le gach aon chomhpháirt, tá cuid theoiriciúil ann le cuid phraiticiúil ina dhiaidh. Trí na scileanna seo a chur i bhfeidhm, cuireann daltaí feabhas ar a gcuid folláine féin agus folláine a dteaghlaigh freisin.
- Comhaid
- UPRIGHT - Detailed description
- Naisc
-
Project’s webpage
Project’s video
- Cineál
- Cleachtas (fianaise indíreach)
- Tír
- AN DANMHAIRG; AN IODÁIL; AN IORUA; AN PHOLAINN; AN SPÁINN; AN ÍOSLAINN
- Teanga
- BG; CZ; DA; DE; EL; EN; ES; ET; FI; FR; GA; HR; HU; IS; IT; LT; LV; MK; MT; NL; NO; PL; PT; RO; SK; SL; SR; SV; TR
- Leibhéal scoile
- Bunscoil; Meánscoil
- Leibhéal na hidirghabhála
- Uilíoch
- Déine na hidirghabhála
- N/B
- Foinse mhaoinithe
- Maoiniú Eorpach
Tráchtanna
Cuir nóta tráchta isteach
Chun trácht a dhéanamh, ní mór logáil isteach.