Oideachas agus tacaíocht do theifigh na hÚcráine

Gheobhaidh tú roinnt alt agus acmhainní anseo, chun tacú le comhtháthú na dteifeach óg Úcráineach isteach i gcórais oideachais na mBallstát Eorpach agus na dtíortha Erasmus+. Beidh an leathanach seo uasdátaithe go minic leis na nithe is úra.

Ardáin agus acmhainní ar líne san Úcráinis

Acmhainní oideachais ar líne san Úcráinis: scolaíocht san Úcráin faoi choinníollacha deacra: Ó 14 Márta, tá an scolaíocht ar ais arís sa chuid is mó de réigiúin na hÚcráine buíochas leis an gcianfhoghlaim. Is féidir le daltaí laistigh agus lasmuigh den Úcráin rochtain a fháil ar ábhair oideachasúla ar líne san Úcráinis.

Oideachas scoile agus dlúthpháirtíocht i am an ghátair

Suirbhé ar stair a theagasc ó dhearcthaí éagsúla: Tagann an t-athfhriotal 'Those who cannot remember the past are condemned to repeat it' ó George Santanaya - agus mar sin de, is féidir le teagasc na staire ár gcuimhne coiteann a neartú trí dhearcthaí difriúla a léiriú ar ócáidí stairiúla. Sa suirbhé seo, fiafraíonn muid do dhearcadh díot ar ildhearcthacht i dteagasc na staire.

Ceachtanna foghlamtha ó chogaidh eile i stair na hEorpa a theagasc: Le linn tréimhsí de choimhlint, ar nós an chogaidh san Úcráin, tagann ceist na scéalta stairiúla agus conas a múintear iad chun solais. Déanfaidh an rang teagasc seo mionscrúdú ar conas is féidir le múinteoirí staire deacracht agus difríocht a shárú chun an ábhar a dhéanamh nithiúil do gach aon dalta.

Scoileanna ag freagairt ionradh na Rúise ar an Úcráin: Tá seomraí ranga agus riaracháin scoile ar fud na mór-roinne gníomhach chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis an Úcráin, agus tá múinteoirí réidh le ceisteanna na ndaltaí a fhreagairt. Cuireann an t-alt seo béim ar roinnt smointe agus cleachtas atá le moladh.

Oideachas a chosaint ó ionsaí i rith choimhlint armtha: I gcoimhlint armtha nó cogaidh fiú, tá sé riachtanach ceart oideachais na bpáistí a chinntiú, agus gan dochair a dhéanamh do pháistí, d'fhoirne oideachais nó do scoileanna Tá roinnt iarrachtaí idirnáisiúnta ann chun oideachas a chosaint i rith choimhlint armtha agus éigeandálacha eile.

Cúlra ar chóras oideachais na hÚcráine ó 2016: Tháinig go leor athruithe ar oideachas san Úcráin buíochas le hathchóiriú oideachais a thosaigh i 2016.

Oideachas do dhídeánaithe

Supporting the inclusion of displaced children from Ukraine in education: considerations, key principles and practices for the school year 2022-2023: This Staff Working Document aims at pooling the currently available collective experience and knowledge and provide information on good practice and practical insights to support EU Member States in the inclusion of displaced children from Ukraine in education. It was written by the Commission services in consultation with the United Nations High Commissioner for Refugees (UNHCR), the United Nations Children’s Fund (UNICEF), representatives of ministries of education, stakeholder organisations that met in peer learning events between March and June 2022, and with experts from the Network working on the social dimension of education and training (NESET).

Conas Oideachas agus Cúram Luath-Óige a thabhairt do pháistí teifeacha na hÚcraine: Tá líon mór de theifigh úra ón Úcráin ina bpáití beaga. Conas is féidir linn failte a chur rompu in ionaid Oideachas agus Chúram Luath-Óige (ECEC) timpeall na hEorpa?

Teifigh na hÚcráine a ghlacadh isteach i seomraí ranga na méanscoile: An cás nach bhfuil an teanga acu?: Thar cúpla seachtain anuas, tháinig timpeall 5 miliún Úcraineach thar an teorainn chuig an Aontas Eorpach. Cé go bhfuil jab de scoth déanta ag Aireacht Oideachais na hÚcráine le foghlaim ar líne a shocrú do gach aon dalta méanscoile, tá go leor bacainní eile go fóill le sárú. Déanann Mialy Dermish ón Líonra SIRIUS machnamh ar chuimsiú sóisialta agus teanga do dhaltaí na hÚcráine agus a gcosán go dtí rath san oideachas.

Meabharshláinte agus folláine na ndaltaí teifeacha a neartú trí nascadh agus leanúnachas: Is féidir le cogadh, imeacht tobann ón mbaile, agus imní faoi ghaolta droch-thionchar a imirt ar mheabharshláinte agus ar fholláine na ndaltaí teifeacha. Rachaidh sé seo i bhfeidhm ar a n-eispéireas foghlama. Tá sé ríthábhachtach do scoileanna mar sin de, go háirithe dóibh siúd atá ag cur fáilte roimh líon mór teifeach, bheith 'teifeach-inniúil'.

Conas a aimsíonn Ballstáit an AE múinteoirí do dhaltaí ar dídeanaithe iad: I bplé piarfhoghlama, rinne ionadaithe ó Aireachtaí Oideachais an AE iniúchadh ar conas múinteoirí a aimsiú do dhaltaí ar dídeanaithe iad. Bhí an plé seo ar siúl an 4 Aibreán 2022, mar chuid de Ghrúpa Dlúthpháirtíochta Oideachais an AE don Úcráin – an Mheitheal um Scoileanna.

Cailíochtaí dhaltaí scoile na hÚcráine a aithint: Bíonn ról tábhachtach ag baint le cailíochtaí a ghlacann teifigh leo óna dtír dhúchais a aithint, chomh maith leis an leibhéal oideachais atá bainte amach a thuisicnt, maidir le rochtain a fháil ar oideachas tríú leibhéil agus an ar an margadh saothair.

Coimre de chleachtais spreagúla maidir le hoideachas ionchuimsitheach agus oideachas na saoránach: Sa choimre sinsearach, cuirtear i láthair raon cuimsitheach de chleachtais spreagúla atá dírithe ar smaointe agus spreagadh a chur ar fáil, a dhéanann an lucht déanta beartas agus cleachtóirí a dhéanann a ndícheall ionchuimsitheacht na gcóras oideachais agus oiliúna a fheabhsú ar fud an AE. Tá sé i gceist léi freisin chun cuidiú le bailiúchán fianaise maidir taf ar an tábhacht agus an breisluach a bhaineann le hoideachas ionchuimsitheach a fhorbairt, bailiúchán atá ag dul i méid. (2021)

Dídeánaithe agus imircigh óga a chomhtháthú tríd an oideachas: Rinne baill an Working Group on Promoting Common Values and Inclusive Education and Inclusive Education an Thematic Fiche ar dhídeánaithe agus imircigh óga a Chomtháthú tríd an oideachas. (2020)

Acmhainní PAESIC a dhéanamh ar mhúinteoirí agus a dhéanamh cheannairí scoile: Tá an tionscadal Erasmus+ KA2 é PAESIC (acrainm ar Chuir Chuige ar mhaithe le hIonchuimsitheacht Fheabhsaithe sa Seomra Ranga) a bhfuil de rún aige tacaíocht a thabhairt a dhéanamh ar mhúinteoirí bunscoile agus iad ag iarraidh ionchuimsitheacht shóisialta a fheabhsú sa seomra ranga, go háirithe i measc na ndídeánaithe agus na n-imirceach. (2020)

Education Talks: Meitretheangachas, sáréagsúlacht agus seomraí ranga na hEorpa: Ar chuala tú faoi mheitretheangachas agus sáréagsúlacht? Agus an bhfuil a fhois agat conas seomra ranga ilteangach a mhúineadh? Déan do chuid eolais a leathnú leis an agallamh seo le Thomas Fritz, ceann ar lernraum.wien, institiúd ar son ilteangachais, comhtháthaithe agus oideachais. (2018)

Imircigh i scoileanna Eorpacha: teangacha a fhoghlaim agus a chothabháil : Tá sé ríthábhachtach tacú le páistí imirceacha chun máistreach a bhaint amach i dteanga na scolaíochta chomh maith lena n-acmhainneacht teangeolaíochhta phearsanta chun glacadh isteach agus comhtháthú rathúil a bhaint amach, chomh maith le múinteoireacht shásúil. (2018)

Múinteoirí a ullmhú don éagsúlacht: an ról atá ag Oideachas Tosaigh Múinteoirí: Cé nach feiniméan nua í an éagsúlacht atá le fáil i sochaithe Eorpacha, tá sí ag athrú go tapa. Tá an Eoraip ag éirí níos éagsúla mar gheall ar an ngluaiseacht laistigh den Eoraip, imirce idirnáisiúnta agus domhandú. (2017)

Bí ag amharc ar an Tairseach Oideachais Scoile chun tuilleadh eolais ábharthaigh a fháil 'daltaí imirceacha'.

Cúrsaí don fhorbairt ghairmiúil

22 Aibreán 2022: Seimineár gréasáin ar tacú leis an meabhair-shláinte agus dea-bhail do pháistí dídeanaithe ar scoil

6 Bealtaine 2022: Seimineár gréasáin ar fáilte a chur roimh dhídeanaithe nua sa seomra ranga

13 Bealtaine 2022: Seimineár gréasáin ar oiliúint mhúinteoirí agus ar fhorbairt ghairmiúil ar oideachas do dhídeanaithe

23 Bealtaine - 6 Meitheamh 2022: Cúrsa forbartha gairmiúla do mhúinteoirí ar chomtháthú na n-imirceach agus na dteifeach ar scoil

4-20 July 2022: Professional development course for teachers on engaging non-native language speakers in the classroom

14 July 2022: Learning and care for the youngest refugees – a critical priority across Europe

Bí ag amharc ar an gcatalóg den Tairseach Oideachais Scoile ar mhaithe le tuilleadh ábhar cúrsa.

Idirghníomhaigh le múinteoirí eile

Cláraigh le eTwinning, an pobal ar líne d'fhoireann na scoile (múinteoirí, príomhoidí, leabharlannaithe, srl.) chun cumarsáid agus comhoibriú a dhéanamh agus a roinnt. Tacaíonn eTwinning le múinteooirí agus daltaí na hÚcráine, mar shampla trí phlé-ghrúpaí ar leith ar imircigh agus theifgh a chomtháthú ar scoil, agus trí thacú le dlúthpháirtíocht agus gníomhaíochtaí an phobail do mhúinteoirí agus dhaltaí na hEorpa.

Imircigh agus dídeánaithe a chomhtháthú ar Scoil: Cad iad na bealaí is éifeachtaí chun fáilte a chur roimh dhídeánaithe agus imircigh ina dtimpeallacht scoile nua? Mar chuid de na gníomhartha a ghlac an pobal eTwinning chun tacaíocht a sholáthar do mhúinteoirí agus do pháistí shín an Grúpa Faoi Thrácht ar "Imircigh agus teifigh a chomtháthú ar scoil" fócas s'aige chun múinteoirí atá ag tacú le dídeanaithe a neartú freisin. Tá sé de rún ag an ngrúpa tacú le múinteoirí timpeall na hEorpa atá ag dul i ngleic leis an dúshlán ná buncheart an oideachais agus na hoiliúna de chuid na bpáistí seo a chinntiú agus cineál nórmaltachta a thabhairt dóibh, chun tráma an chogaidh agus an díláithrithe a mhaolú.